Ainm: | James Ó Dochartaigh | |
Áit Chónaithe: | Béal an Átha Móir |
Áit Dúchais: | Béal an Átha Móir, An Clochán |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Cleachtas Scoile |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chuaigh James go dtí an scoil i Leitir Bric i 1934 – bhí meascán de bhuachaillí móra agus cailíní móra ann. Minic go leor ní bhíodh scoláirí ar an scoil i rith an geimhridh nó an tsamhraidh nuair a bhí rudaí le déanamh sa bhaile. An bhrúidiúlacht a thug an Máistir Rua do na daltaí. Eachtra a tharla i 1939 ar an scoil nuair a bhuail James buille ar ghasúr eile agus de thairbhe sin thit sé amach leis an Mháistir Ó Braonáin (máistir óg a tháinig isteach nuair a d’éirigh an Máistir Rua as) nuair a chuir sé pionós air agus d’fhág James an scoil. | 00:04:32 | |